Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

Comhairliúchán maidir leis an Margadh Oscailte don Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte

Sheol an Coimisiún réamhchomhairliúchán margaidh maidir leis an Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) atá ar na bacáin.

cloud in the digital space

© KanawatTH - iStock Getty Images Plus MEDIUM

Cuireann EOSC bainistiú sonraí taighde chun rochtain eolaithe ar eolaíocht sonraíbhunaithe a ráthú.

Is é is aidhm don Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte cónascadh bonneagar a bhaint amach lena soláthrófar rochtain rianúil ar réada taighde idir-inoibritheacha agus ar sheirbhísí breisluacha don timthriall iomlán sonraí taighde, ón bhfionnachtain agus ón mianadóireacht go dtí stóráil, bainistiú, anailís agus athúsáid thar theorainneacha agus disciplíní eolaíocha.

Bileog Eolais maidir le Soláthar

Is é an ghníomhaíocht soláthair phoiblí bonneagar iomlán oibríochtúil cumasúcháin a thógáil agus a chur in úsáid do EOSC, lena soláthraítear rochtain ar phunann shaibhir sonraí FAIR (Sonraí Inaimsithe, Inrochtana, Idir-inúsáidte, In-athúsáidte) agus seirbhísí FAIR cáilíochta gairmiúla i ngach réimse ábhartha, ó láimhseáil sonraí go ríomhaireacht, próiseáil, anailísiú agus stóráil.

Bileog Eolais maidir le Soláthar EOSC curtha le chéile chun achoimre a dhéanamh ar phríomhghnéithe na gníomhaíochta soláthair phoiblí a maoiníodh ó Chlár Oibre na mBonneagar Taighde 2021-2022 den chlár Fís Eorpach.

Seimineáir Gréasáin maidir leis an gComhairliúchán ar an Margadh Oscailte

Le foilsiú an Fhógra Réamhfhaisnéise an 4 Bealtaine 2022, iarrann an Coimisiún Eorpach ar ghníomhaithe féideartha margaidh ón tionscal agus ón bpobal taighde páirt a ghlacadh sa réamhchomhairliúchán margaidh do sholáthar an Néil Eorpaigh maidir leis an Eolaíocht Oscailte (EOSC) atáar na bacáin. Le linn an chomhairliúcháin ar an margadh oscailte ó mhí na Bealtaine go dtí an 5 Lúnasa 2022, tá aiseolas á lorg ag an gCoimisiún, go háirithe, maidir leis na cineálacha cur chuige soláthair, na dúshláin theicniúla agus na réitigh a d’fhéadfadh a bheith ann.

D’eagraigh an Coimisiún Eorpach dhá sheimineár gréasáin réamhchomhairliúcháin margaidh Dé Máirt, an 31 Bealtaine agus Déardaoin, an 9 Meitheamh 2022. Tá na fístaifeadtaí agus sleamhnáin chur i láthair an Choimisiúin ar fáil go poiblí ar na naisc thíos:

Tá toradh comhdhlúite na suirbhéanna agus na gceistneoirí chomh maith leis an achoimre ar an idirphlé ceisteanna oscailte agus freagraí ar fáil sa tuarascáil seo.

Na chéad chéimeanna eile

Bunaithe ar an anailís aiseolais ar sheimineáir ghréasáin na gcomhairliúchán oscailte, tá an Coimisiún chun cinneadh a dhéanamh an bhfuil gá le níos mó seisiún comhairliúcháin nó ionstraimí eile chun an t-ionchur is gá a bhailiú le haghaidh na n-ullmhúchán soláthair.

Tá moill ar dháta foilsithe fhógra conartha Soláthair EOSC. Táthar ag súil fós go seolfar an soláthar roimh dheireadh 2022 agus déanfar na spriocdhátaí maidir le cur isteach a choigeartú dá réir sin.

Eolas cúlra

Is é is aidhm don Néal Eorpach maidir leis an Eolaíocht Oscailte cónascadh bonneagar a bhaint amach lena soláthrófar rochtain rianúil ar réada taighde idir-inoibritheacha agus ar sheirbhísí breisluacha don timthriall iomlán sonraí taighde, ón bhfionnachtain agus ón mianadóireacht go dtí stóráil, bainistiú, anailís agus athúsáid thar theorainneacha agus disciplíní eolaíocha. I gcomhthéacs na hEolaíochta Oscailte, tá sé d’aidhm ag EOSC ceannaireacht dhomhanda a thabhairt don Aontas maidir le bainistiú sonraí taighde agus a áirithiú go mbainfidh eolaithe Eorpacha tairbhe iomlán as an eolaíocht shonraíbhunaithe.