Is é is aidhm don tionscadal AgriDataSpace an bealach a réiteach do Spás Coiteann Eorpach Sonraí Talmhaíochta (CEADS) lena n-éascaítear comhroinnt, próiseáil agus anailís sonraí ar bhealach slán iontaofa trédhearcach freagrach. Ba cheart go dtiocfadh méadú ar fheidhmíocht na hearnála mar thoradh ar imscaradh agus go gcuirfí borradh faoi nuálaíochtaí sonraíbhunaithe – ar an taobh príobháideach agus ar an taobh poiblí araon. Beidh CEADS, a fógraíodh ar dtús faoin Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, ina shócmhainn chun dlús a chur leis an aistriú digiteach agus leis an aistriú glas san earnáil, chun ualaí riaracháin a laghdú, agus chun bunús a chur ar fáil chun uirlisí intleachta saorga (IS) cumhachtacha nua atá ag teacht chun cinn a chur i bhfeidhm.
Leagtar amach i gcoimre bheartais (.pdf) an cur chuige atá beartaithe don spás sonraí, maidir le rialachas agus samhlacha gnó, agus an treoirphlean d’ailtireacht tagartha theicniúil. Chomh maith leis na coinníollacha cumasúcháin a phlé, déantar machnamh ar leith sa doiciméad ar an gcaoi ar féidir leis na páirtithe leasmhara éagsúla rannchuidiú le cur chun feidhme an spáis sonraí: lucht ceaptha beartas ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, eagraíochtaí earnála, lena n-áirítear eagraíochtaí agus comharchumainn feirmeoirí agus táirgeoirí, an tionscal, go háirithe monaróirí innealra talmhaíochta, agus nuálaithe, amhail gnólachtaí nuathionscanta.
Maoiníodh an tionscadal AgriDataSpace faoin gClár don Eoraip Dhigiteach le buiséad EUR 2 mhilliún. Bhí 15 chomhpháirtí atá fréamhaithe in éiceachóras spáis sonraí an Aontais, a dhéanann ionadaíocht ar 10 dtír, rannpháirteach: príomhinstitiúidí taighde, idirghabhálaithe sonraí talmhaíochta, agus comhlachais tionscail.
Seolfar gníomhaíocht imscartha leantach chun an spás sonraí a chur i bhfeidhm go luath in 2025. Foilseofar faisnéis thiomnaithe ar an suíomh gréasáin seo.