Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

‘Fánaíocht ar Tháille Baile’: Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht chun Fánaíocht an Aontais a leathnú chuig na Balcáin Thiar

  • PRESS RELEASE
  • Foilseachán 25 Feabhra 2026

Mhol an Coimisiún Eorpach tús a chur le caibidlíocht leis an Albáin, leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, leis an gCosaiv, le Montainéagró, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an tSeirbia chun iad a chomhtháthú i gcóras ‘Fánaíocht ar Tháille Baile’ an Aontais.

Infographic illustrating Roam Like At Home, showing a user travelling and being digitally connected via roaming

A luaithe a bheidh na comhaontuithe tugtha chun críche le gach ceann de na comhpháirtithe agus a luaithe a bheidh gach ceann acu ailínithe go hiomlán le rialacha fánaíochta an Aontais, beidh daoine a bheidh ag taisteal idir an tAontas agus na Balcáin Thiar in ann glaonna a dhéanamh, teachtaireachtaí téacs a sheoladh agus sonraí soghluaiste a úsáid gan formhuirir fánaíochta.

Ciallaíonn sé sin nascacht gan uaim ar rátaí intíre ní hamháin do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ó na Balcáin Thiar a thugann cuairt ar an Aontas, ach do thaistealaithe an Aontais sna Balcáin Thiar freisin. Leis an gcomhaontú, beidh sé níos éasca agus níos inacmhainne do dhaoine agus do chuideachtaí ar an dá thaobh fanacht i dteagmháil agus iad thar lear le haghaidh staidéir, oibre nó laethanta saoire.

Léigh an phreaseisiúint iomlán.

Léigh tuilleadh faoin limistéar Fánaíocht ar Tháille Baile.