
Tá sé d’aidhm ag an ngníomh freisin costais agus castachtaí a laghdú maidir le líonraí snáithín agus 5G a chur in úsáid san Aontas.
Tá gá leis na líonraí sin a sheasfaidh an aimsir chun tacú leis na seirbhísí nuálacha atá ag forbairt go tapa trí úsáid a bhaint as intleacht shaorga agus néalríomhaireacht i measc nithe eile.
Díríonn an gníomh ar nósanna imeachta casta a shimpliú agus leathnú líonra teileachumarsáide a dhéanamh níos tapúla. I measc na bpríomhghnéithe tá níos mó comhroinnte bonneagair agus comhordú níos fearr ar oibreacha sibhialta i measc oibreoirí, chomh maith le suiteáil líonra a chumasú in éineacht le hoibreacha poiblí eile. I measc na ngnéithe tábhachtacha eile de na rialacha nua tá: nósanna imeachta a dhigitiú le haghaidh ceadanna chun bonneagar a shuiteáil, faisnéis a chur ar fáil maidir leis an mbonneagar fisiceach atá ann cheana agus oibreacha sibhialta atá beartaithe. Déanann GIA an rabharta athchóirithe foirgneamh a ghiaráil freisin trí struchtúir nua agus iad siúd a bhfuil athchóiriú mór á dhéanamh orthu a fheistiú le bonneagar fisiceach laistigh den fhoirgneamh atá réidh don snáithín agus le sreangú snáithín.
Go ginearálta, tá feidhm ag an nGníomh um Bonneagar Gigighiotáin ón 12 Samhain 2025 i mBallstáit an Aontais, cé is moite de roinnt forálacha a mbeidh feidhm acu laistigh de chúpla mí. Tá an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit agus le Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) chun na rialacha nua sin a chur i bhfeidhm.