
Getty Images © WINEXA
D’eisigh an Coimisiún Eorpach tuarascáil ó Institiúid Walton darb ainm "Borradha chur faoin aistriú dúbailte sa talmhaíocht agus éiceachóras nuálaíochta athléimneach: Caighdeáin agus Ardánú sa Spotsolas”. Scrúdaítear sa tuarascáil seo ról na gcaighdeán teicneolaíochta agus na n-ardán digiteach maidir le hearnáil na talmhaíochta a athrú ó bhonn. Is cuid é de thiomantas na hEorpa an t-iomaíochas a chur chun cinn in éineacht leis an aistriú digiteach agus an t-aistriú glas sa talmhaíocht. Beidh caipitliú sonraí, e.g. trí IS, chomh maith le ról na gcaighdeán ina bpointí fócasacha lárnacha in obair an Choimisiúin a bheidh ann amach anseo.
Tugtar le chéile sa tuarascáil measúnuithe agus léargais eimpíreacha ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Cuireann sí chun suntais a thábhachtaí atá caighdeáin fhoirmiúla agus samhailchaighdeáin chun idir-inoibritheacht a áirithiú ar fud na dteicneolaíochtaí talmhaíochta. Aithnítear ardáin dhigiteacha as an ról atá acu maidir le nuálaíocht, malartú sonraí agus comhar a éascú laistigh den earnáil AgriTech.
Pléitear inti ábharthacht na n-ardán agus na gcineálacha éagsúla caighdeán le haghaidh an aistrithe dhigitigh agus an aistrithe ghlais sa talmhaíocht san Aontas chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin a bhaineann lena n-úsáid éifeachtach chun freastal ar an earnáil agus ar an éiceachóras nuálaíochta. Sainaithnítear roinnt dúshlán, amhail ilroinnt i ‘dtírdhreach na gcaighdeán’, easpa acmhainneachtaí, an cur chuige maidir le hobair i dtimthriallta tionscadail agus/nó ar leibhéal cáis úsáide, chomh maith le héagsúlacht na hearnála talmhaíochta.
Tá comhordú trasearnála fíor-riachtanach chun caighdeáin fhorluiteacha nó iomaíocha a laghdú; tá sé tábhachtach freisin maidir leis an gcaoi a gcuirtear leasanna na hearnála san áireamh i bpróisis nuálaíochta, ós rud é go bhfuil líon ard cuideachtaí an-bheag aici nach bhfuil aon saineolas acu ar chaighdeáin. Trí thacú le glacadh níos leithne na gcaighdeán atá ann cheana, is féidir aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna comhoiriúnachta san earnáil freisin.
Tá roinnt moltaí beartais spriocdhírithe sa tuarascáil. Moltar ann go gcothóidh beartais an Aontais timpeallacht thacúil chun caighdeáin a ghlacadh ar fud na talmhaíochta. D’fhéadfadh dreasachtaí airgeadais nó treoir theicniúil a bheith i gceist leis sin chun cabhrú le heagraíochtaí caighdeáin a chur chun feidhme go héifeachtach. Leagtar béim sa tuarascáil freisin ar a thábhachtaí atá sé nuálaíocht a mhéadú trí bheartais lena spreagtar claochlú digiteach agus inbhuanaitheacht chomhshaoil, lena n-áirítear tograí chun cláir an Aontais a chur chun feidhme.
Ina theannta sin, moltar sa tuarascáil creataí a thógáil le haghaidh comhair i measc páirtithe leasmhara. D’áiritheofaí leis an gcur chuige sin go mbeadh peirspictíochtaí éagsúla san áireamh i bhforbairt caighdeán, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus feirmeoirí. Iarrtar sa tuarascáil freisin go ndéanfaí faireachán leanúnach ar theicneolaíochtaí nua agus ar theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn. Chabhródh sé sin lena áirithiú go bhforbródh caighdeáin i gcomhréir leis an dul chun cinn teicneolaíoch. Sainaithníonn údair bearnaí taighde agus eolais a bhfuil imscrúdú breise le déanamh orthu, e.g. a mhéid atá gníomhaithe in éiceachóras na nuálaíochta cibirfheasach agus ról na gcaighdeán sa chomhthéacs sin.
Trí thosaíocht a thabhairt do chaighdeáin agus d’fhorbairt ardán, samhlaítear sa tuarascáil éiceachóras nuálaíochta AgTech atá athléimneach agus inbhuanaithe agus luamhán d’fheidhmíocht na hearnála talmhaíochta. Tá an cur chuige sin ag teacht le spriocanna na hEorpa maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil, claochlú digiteach, agus earnáil talmhaíochta iomaíoch.
Léigh tuilleadh faoi dhigitiú na hEarnála Talmhaíochta Eorpaí.