Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

An Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta: Tagann an chéad chruinniú ar chomhaontú maidir le spriocanna insoláthartha tábhachtacha agus leagtar amach ann réimsí don chomhar idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe amach anseo

Ag an gcéad chruinniú den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta (TTC) in Pittsburgh, tháinig an tAontas agus na Stáit Aontaithe ar chomhaontú maidir le spriocanna insoláthartha nithiúla agus leag siad amach raon feidhme na hoibre a bheidh ann amach anseo. Go háirithe, gheall an tAontas agus na Stáit Aontaithe go gcomhoibreoidís go dlúth maidir le tosaíochtaí comhroinnte amhail rialuithe onnmhairiúcháin, scagadh infheistíochta coigríche, caighdeáin teicneolaíochta chriticiúla agus caighdeáin teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn, lena n-áirítear an Intleacht Shaorga, agus slabhraí soláthair slána, lena n-áirítear maidir le leathsheoltóirí. Chomhaontaigh siad freisin oibriú le chéile ar shaincheisteanna tábhachtacha trádála domhanda, amhail na dúshláin a bhaineann le geilleagair neamh-mhargaidh agus saincheisteanna aeráide agus comhshaoil a bhaineann le trádáil, chomh maith le bacainní trádála neamhriachtanacha ar theicneolaíochtaí nua a sheachaint agus cearta bunúsacha saothair a chur chun cinn.

Trade and Technology Council: Inaugural meeting agrees on important deliverables and outlines areas for future EU-US cooperation

iStock photo Getty Images plus

Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach:

Leis an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta, tugaimid saol nua dár gcaidreamh bunaithe ar ár gcomhluachanna daonlathacha. Cuideoidh sé le claochlú digiteach ár ngeilleagar a bhrú chun cinn, borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht agus slabhraí soláthair athléimneacha inbhuanaithe a thógáil. Le chéile, is féidir linn a chinntiú go bhforbrófar agus go n-úsáidfear teicneolaíochtaí nua ar bhealaí a sheasfaidh lenár luachanna agus a chuirfidh ár n-iarrachtaí chun cinn chun dul i ngleic le géarchéim an athraithe aeráide. 

Seo mar a labhair Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a fhóireann do dhaoine:

Is caibidil úr inár gcaidreamh trasatlantach é an chéad chruinniú TTC. Inniu, gheall an tAontas agus na Stáit Aontaithe go n-oibreoidís go gasta chun na caighdeáin agus na rialacha a mhúnlú a thacóidh lenár ngnólachtaí, lenár n-oibrithe agus lenár dtomhaltóirí san 21d haois. Is éard atá i gceist leis sin ná a chinntiú gur féidir leis an teicneolaíocht ár saol a athrú chun feabhais, agus na luachanna agus na seiceálacha cearta i bhfeidhm. Agus faoi chomhoibriú níos doimhne chun dul i ngleic le dúshláin trádála fhrithpháirteacha. Leanfaimid ar aghaidh anois leis an obair seo mar aon le réimse leathan páirtithe leasmhara.

Sa chéad chruinniú de TTC, leagadh amach cláir oibre shoiléire do gach ceann de na 10 meitheal TTC. Díreofar sna cruinnithe a bheidh ann amach anseo ar uaillmhianta a shainiú i réimsí atá chomh tábhachtach céanna amhail rialachas sonraí agus ardáin teicneolaíochta, teicneolaíocht ghlan, rochtain FBManna ar chúrsaí digiteacha, slándáil TFC agus iomaíochas agus mí-úsáid na teicneolaíochta a chomhrac. Tá an comhráiteas iomlán ar fáil ar líne. Tá tuilleadh eolais ar fáil freisin i mbileog eolais faoin gcéad chruinniú, agus i mbileog eolais ghinearálta maidir le TTC.

Tuilleadh eolais maidir leis an Digitiú sa Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta