Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Projects story | Foilseachán

Seomra Nuachta Eorpach na ngníomhaireachtaí preasa

Tá 18 ngníomhaireachtaí nuachta ag teacht le chéile agus ag comhoibriú le chéile i ‘Seomra Nuachta Eorpach’, spás do chomhfhreagraithe chun obair agus oiliúint a dhéanamh le chéile sa Bhruiséil d’fhonn nuacht faoi ghnóthaí an Aontais a tháirgeadh agus a scaipeadh.

stream of images coming into a smartphone

© metamorworks - iStock Getty Images Plus

An tionscadal

Chomh maith lena dtuairisciú rialta, déanann comhfhreagraithe na ngníomhaireachtaí díleácha nuachta a chomhtháirgeadh dhá uair sa tseachtain, ag cothú sreanga nuachta agus bealaí scaipthe a chéile, agus dá bhrí sin tugann siad peirspictíocht uile-Eorpach ar ghnóthaí an Aontais do lucht féachana ar fud na mór-roinne. 

Tá mol léirithe nuachta fisiciúil curtha ar bun acu sa Bhruiséil agus cuireann siad oiliúint ar fáil freisin do ghníomhaireachtaí rannpháirteacha (maidir le cibearshlándáil, seiceáil fíricí agus ilmheáin), chomh maith le seirbhísí taobh eile (clár oibre imeachtaí, spás coiteann d’agallaimh chomhpháirteacha, seirbhís creidiúnaithe, etc.).  

I ndeireadh na dála, d’fhéadfadh an tionscadal feabhas a chur ar chomhoibriú agus ar chaighdeáin iriseoireachta san Eoraip. D’fhoilsigh an Seomra Nuachta Eorpach a chéad mhír nua i mí Iúil 2022.

An cuibhreannas

Is tionscadal é Seomra Nuachta Eorpach na ngníomhaireachtaí nuachta sa Bhruiséil atá á reáchtáil ar dtús ag cuibhreannas ina bhfuil 16 ghníomhaireacht nuachta arna gcomhordú ag Gníomhaireacht Preasa na Gearmáine (dpa), lena gcumhdaítear 11 Bhallstát AE chomh maith le ceithre thír is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha. Is iad seo a leanas na comhpháirtithe: DPA (an Ghearmáin), AFP (an Fhrainc), Agerpres (an Rómáin), ANSA (an Iodáil), APA (an Ostair), Belga (an Bheilg), BTA (an Bhulgáir), Europapress agus EFE (an Spáinn), HINA (an Chróit), STA (an tSlóivéin), TASR (an tSlóvaic), ATA (an Albáin), Fena (an Bhoisnia-Heirseagaivéin), MIA (Poblacht na Macadóine Thuaidh), Tanjug (an tSeirbia). Tá dhá ghníomhaireacht nuachta bhreise tar éis dul isteach sa tionscadal ag céim níos déanaí, gan maoiniú ón Aontas a fháil: PAP (An Pholainn) agus Ukrinform (An Úcráin).

Cur i bhfeidhm céimneach an tionscnaimh

Seoladh an tionscadal i mí Eanáir 2022, agus foilsíodh na chéad mhíreanna i mí Iúil. Clúdóidh maoiniú an Choimisiúin Eorpaigh a chostais oibriúcháin go dtí deireadh 2023 (24 mhí san iomlán).

Cúlra

Roghnaíodh tionscadal an tseomra nuachta Eorpaigh tar éis glao oscailte ar thograí, mar chuid de ghníomhaíochtaí ilmheán an Choimisiúin Eorpaigh. Bronnadh deontas EUR 1.76 milliún air. Is é príomhchuspóir an ghlao, a seoladh i mí an Mheithimh 2021, táirgeadh, coimeádaíocht agus scaipeadh ábhar meán nuachta gairmiúil agus ilteangach a chlúdaíonn gnóthaí an Aontais a mhéadú.