Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Cruinniú neamhfhoirmiúil d’Airí Cultúir an Aontais Eorpaigh maidir le tacaíocht don Úcráin, do thodhchaí mheáin na hEorpa agus d’éagsúlacht chultúrtha na hEorpa

Glacann Věra Jourová, Mariya Gabriel agus Thierry Breton páirt i gcruinniú neamhfhoirmiúil le hAirí Cultúir an AE.

female journalist at her desk

GettyImages Laurence Dutton - E+

Beidh an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige, Mariya Gabriel agus an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, Thierry Breton, rannpháirteach i gcruinniú neamhfhoirmiúil in Angers na Fraince an 7-8 Márta 2022.

Agus an plé ar siúl i gcomhthéacs ionsaí na Rúise san Úcráin, díreofar sa chéad phlé comhchéime ar thacaíocht d’ealaíontóirí, d’iriseoirí, do ghairmithe cultúrtha agus d’earnáil na meán san Úcráin. Foilseofar dearbhú sonrach.

Díreofar sa phlé a dhéanfar ina dhiaidh sin ar thodhchaí na meán san Eoraip agus ar éagsúlacht chultúr na hEorpa ar líne a neartú. I measc na n-ábhar atá le cur chun suntais tá saoirse an phreasa, iolrachas na meán, samhlacha maoinithe inbhuanaithe, tacaíocht phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, muinín an phobail sna meáin agus infhionnachtaineacht ábhair ar líne. Deis a bheidh ann freisin tiomantas na hEorpa don éagsúlacht chultúrtha agus teanga a athdhearbhú mar cholún de luachanna Eorpacha, trí bhearta nithiúla a mholadh chun ceannasacht chultúrtha na hEorpa a neartú sa ré dhigiteach.

Ar an 8 Márta, díreoidh Airí Cultúir na hEorpa ar oidhreacht chultúrtha na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin tacaíocht a thugann an tAontas d’earnáil na meán nuachta agus sa bhileog eolais seo.