Is é is aidhm do ghníomhaíochtaí a dhéantar laistigh de chreat na nGníomhaíochtaí Ilmheán faisnéis ghinearálta, nuacht agus cláir faoin Aontas, atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne, a mhaoiniú. Tá sé beartaithe leis sin cur le hinfheictheacht obair institiúidí an Aontais, na gcinntí a rinneadh agus na gcéimeanna i dtógáil na hEorpa. Ceapadh é freisin chun deis a thabhairt do shaoránaigh leas iomlán a bhaint as an gceart atá acu a bheith curtha ar an eolas faoi bheartais Eorpacha agus a bheith rannpháirteach iontu, agus cur le réimse poiblí Eorpach níos fearr.
Faigh amach faoi na gníomhaíochtaí a fhaigheann tacaíocht faoi láthair