Leagtar amach in DSA caighdeán nua nach bhfacthas a leithéid riamh cheana maidir le cuntasacht na n-ardán ar líne maidir le hábhar neamhdhleathach agus díobhálach. Cuirfidh sé cosaint níos fearr ar fáil d’úsáideoirí idirlín agus dá gcearta bunúsacha, chomh maith le sraith aonair rialacha a shainiú sa mhargadh inmheánach, rud a chuideoidh le hardáin bheaga méadú.