Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Call for proposals | Foilseachán

Réimse poiblí Eorpach: tairiscint nua meán ar líne d’aos óg na hEorpa

Don tríú bliain as a chéile, tacóidh an Coimisiún Eorpach le hábhar laethúil iontaofa ar chúrsaí reatha ó gach cearn den Eoraip a chur ar fáil d’Eorpaigh óga agus d’aos óg na hEorpa.

Young girl checking the news on her phone.

© GaudiLab - iStock GettyImages

Tar éis dhá thionscadal phíolótacha in 2020 agus 2021, leis an nGlao seo ar Thograí cuirtear chun feidhme Gníomhaíocht Ullmhúcháin Pharlaimint na hEorpa "Sféar poiblí Eorpach: tairiscint nua meán ar líne d’aos óg na hEorpa”. I mbliana, tá buiséad i bhfad níos airde de EUR 9 milliún ag an nglao, rud a chuireann deis ar fáil do thionscadail níos mó ar feadh tréimhse níos faide (thart ar 18 mí) le cómhaoiniú méadaithe ón Aontas de suas le 80 %.

Féachann an glao leis an Aontas a thabhairt níos gaire do dhaoine óga, iad a spreagadh le bheith ina saoránaigh ghníomhacha agus iad a nascadh thar theorainneacha. Tríd an méid sin a dhéanamh, cuireann sé freisin le Bliain Eorpach na hÓige 2022. Is é is cuspóir don ghníomhaíocht seo cur le hinfhaighteacht faisnéise ar líne, i dteangacha éagsúla, faoi thopaicí Eorpacha a mbíonn tionchar acu ar dhaoine óga ar fud an Aontais, faisnéis a chuirtear i láthair i bhformáidí atá agdul in aois agus trí roinnt dearcthaí éagsúla. Ba cheart do thionscadail iarracht a dhéanamh pléa spreagadh agus imeachtaí don óige a eagrú. Áireofar sna comhaontuithe deontais cairt neamhspleáchais chun a chinntiú go mbeidh na deontóirí saor ó thaobh eagarthóireachta de agus go mbeidh siad ag feidhmiú gan aon chur isteach polaitiúil.

Ba cheart go dtosódh tionscadail thart ar Mhárta/Aibreán 2023 ar feadh tréimhse tháscach 18 mí.

Tá an Coimisiún ag súil go maoineoidh sé 3 nó 4 thogra, le deontas uasta socraithe ag EUR 3.5 milliún. Is é 80 % de na costais incháilithe an t-uasráta cómhaoinithe, féadfaidh iarratasóirí ráta cómhaoinithe níos ísle a mholadh.

Na torthaí a bhfuiltear ag súil leo

  • Comhoibriú idir cúig eagraíocht ar a laghad ó chúig Bhallstát AE;
  • Ábhar laethúil smaointeoireachta a chruthú maidir le cúrsaí reatha, trí phróisis nuálacha eagarthóireachta trasteorann;
  • Plean for-rochtana, chun teacht ar an oiread Eorpach óg agus is féidir;
  • Dáileadh trí chainéil féin, suíomhanna gréasáin comhpháirtíochta, blaganna agus/nó líonraí meán sóisialta;
  • Plé rannpháirteach agus imeachtaí don óige.

Tuilleadh eolais

  • Tá an glao ar thograí, na foirmeacha iarratais agus na doiciméid ábhartha uile ar fáil thíos.
  • Is féidir ceisteanna a sheoladh chuig CNECT-NEWSMEDIA@ec.europa.eu go dtí an 19 Deireadh Fómhair 2022 ar a dhéanaí. Foilseofar gach ceist agus freagra, gan ainm a lua, ar an leathanach seo.
  • Chun forléargas a fháil ar dheiseanna deontais eile do na meáin nuachta, féach an t-eolas is déanaí ar an leathanach seo.
  • Is féidir leat liostáil chun nuashonruithe uathoibríocha a fháil aon uair a fhoilsítear ailt a bhaineann leis na meáin ar láithreán gréasáin CNECT.
  • Faigh amach faoi thionscadail 2021 anseo.

 

(Más ag léamh i dteanga eile atá sé, breathnaigh ar an mbunleagan Béarla le haghaidh doiciméid ghlao.)

Íoslódálacha

00. Questions and answers - 20 October (.pdf)
Íoslódáil 
01. Call for Proposals (.pdf)
Íoslódáil 
02. Grant Application Form (Part A) (.docx)
Íoslódáil 
03. Grant Application Form (Part B) (.docx)
Íoslódáil 
04. Estimated Budget (Annex 2 MGA) (.xlsx)
Íoslódáil 
05. Financial-capacity check table (.xls)
Íoslódáil 
06. Declaration of Honour (.pdf)
Íoslódáil 
07. Declaration on Standards and Independence (.docx)
Íoslódáil 
08. Financial Identification (.pdf)
Íoslódáil 
09. Legal Entity Private (.pdf)
Íoslódáil 
10. Legal Entity Public (.pdf)
Íoslódáil 
11. Model Grant Agreement (MGA) (.pdf)
Íoslódáil 
12. Unit costs and SME owners (annex 2a MGA) (.pdf)
Íoslódáil 
13. Specific Rules (annex 5 MGA) (.pdf)
Íoslódáil 
14. Privacy Statement (.pdf)
Íoslódáil 

Related content

Tacaíocht ón Aontas d’earnáil na meán nuachta

Factsheet / infographic | 07 Márta 2022

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tacú le tionscadail lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin struchtúracha earnálacha na meán agus/nó lena gcuirtear timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch chun cinn. I measc na samplaí tá tacaíocht a thabhairt don iriseoireacht chomhoibríoch agus trasteorann, faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’iolrachas na meán, sáruithe ar shaoirse na meán a mhapáil, iriseoirí a chosaint atá faoi bhagairt, nuálaíocht sna meáin, tacú le litearthacht sna meáin agus réimse poiblí na hEorpa a neartú.

Seimineár gréasáin: Deontais ón Aontas do na meáin nuachta

Event | 07 Iúil 2022

Tá seimineár gréasáin á eagrú ag an gCoimisiún Eorpach (DG Connect) agus ag an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr (EACEA) do thionscal na meán nuachta agus do pháirtithe leasmhara chun míniú a thabhairt ar na deiseanna éagsúla maoinithe a chuireann an tAontas ar fáil don earnáil.