Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:
Tá an Treoir maidir le Dliteanas Táirgí ina cloch choirnéil den mhargadh inmheánach le tríocha bliain anuas. Leis an togra seo, beidh sé oiriúnach chun freagairt do dhúshláin na mblianta atá le teacht. Leis na rialacha nua, léireofar slabhraí luacha domhanda, cothófar nuálaíocht agus muinín na dtomhaltóirí, agus soláthrófar deimhneacht dhlíthiúil níos láidre do ghnólachtaí a bhfuil baint acu leis an aistriú glas agus digiteach.