Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Factsheet / infographic | Foilseachán

Tacaíocht ón Aontas d’earnáil na meán nuachta

Oibríonn an Coimisiún Eorpach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin struchtúracha in earnálacha na meán agus chun timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch a chur chun cinn.

female journalist at her desk

image by Laurence Dutton by Getty/iStock

Tá sé mar aidhm ag an gCoimisiún tacú le tionscadail a chuireann timpeallacht meán atá saor, éagsúil agus iolraíoch chun cinn, a thugann aghaidh ar dhúshláin struchtúracha earnálacha na meán agus/nó a fheabhsaíonn rochtain na saoránach ar fhaisnéis ardcháilíochta. I measc na samplaí tá tacaíocht a thabhairt don iriseoireacht chomhoibríoch, faireachán a dhéanamh ar rioscaí d’iolrachas na meán, sáruithe ar shaoirse na meán a mhapáil, iriseoirí a chosaint, tacú le litearthacht sna meáin agus an réimse poiblí Eorpach a neartú.

I mbeagán focal, tacaíonn an tAontas Eorpach le hearnáil na meán nuachta go príomha trí roinnt ionstraimí:

  • An líne ‘Gníomhaíochtaí Ilmheán’ chun clúdach neamhspleách na meán nuachta ar ghnóthaí an Aontais a mhaoiniú.
  • Gníomhaíochtaí faoina chlár Eoraip na Cruthaitheachta chun tacú le hiolrachas agus saoirse na meán, le comhoibriú sna meáin agus le litearthacht sna meáin.
  • Gníomhaíochtaí atá mar chuid de na cláir nuálaíochta (anEoraip Dhigiteach, Fís Eorpach).
  • Agus Treoirthionscadail agus Réamhbhearta arna moladh ag Parlaimint na hEorpa ar bhonn bliantúil. 

Is ionann an buiséad atá ar fáil agus thart ar EUR 50 milliún in aghaidh na bliana.

An bhileog Eolais Nuachta