Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Bosca Gainimh Rialála Eorpach don Bhlocshlabhra seolta ag an gCoimisiún

Sheol an Coimisiún an Bosca Gainimh Rialála Eorpach le haghaidh Blocshlabhra. Is timpeallachtaí rialaithe iad boscaí gainimh inar féidir le cuideachtaí a gcuid táirgí agus seirbhísí a thástáil agus iad ag plé le rialtóirí ábhartha.

graphic representation of blockchain concept showing a person working on a laptop with a graphic of secure information blocks

iStock photo Getty images plus

Leis an mBosca Gainimh sin, cuirfear deimhneacht dhlíthiúil ar fáil le haghaidh réitigh teicneolaíochta díláraithe lena n-áirítear blocshlabhra trí bhacainní ar a n-úsáid a shainaithint ó thaobh dlí agus rialála de agus trí chomhairle dlí, taithí rialála agus treoir a chur ar fáil i dtimpeallacht shábháilte rúnda. Ba cheart go ligfeadh sé do rialtóirí agus do mhaoirseoirí feabhas a chur ar an eolas atá acu ar theicneolaíochtaí blocshlabhra ceannródaíocha agus dea-chleachtais a roinnt trí idirphlé.

Ó 2023 go 2026, tacóidh an Bosca Gainimh le 20 tionscadal gach bliain, lena n-áirítear cásanna úsáide san earnáil phoiblí ar Bhonneagar Seirbhísí Blocshlabhra na hEorpa (EBSI) — tionscadal iltíre faoin Deacáid Dhigiteach lena dtacaíonn an Coimisiún, na Ballstáit uile, an Iorua agus Lichtinstéin. Beidh an chéad ghlao ar oscailt go dtí an 14 Aibreán 2023.

Tacaíonn an Clár don Eoraip Dhigiteach leis an mBosca Gainimh, clár cistiúcháin an Aontais atá dírithe ar an teicneolaíocht dhigiteach a thabhairt do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus d’údaráis riaracháin phoiblí. Cuideoidh sé freisin leis an Eoraip a huaillmhian maidir le ceannaireacht dhigiteach a bhaint amach sa Deacáid Dhigiteach, toisc go mbeifear in ann í a ghlacadh ar fud na n-earnálacha trí laghdú a dhéanamh ar an éiginnteacht dhlíthiúil a bhaineann leis an mblocshlabhra.

Tuilleadh eolais