Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Beagnach EUR 49 milliún deonaithe ag an Aontas chun borradh a chur faoin nuálaíocht i gcórais chibearshlándála agus phríobháideachais

Geallfaidh an Coimisiún beagnach EUR 49 milliún chun borradh a chur faoin nuálaíocht i gcórais chibearshlándála agus phríobháideachais.

léaráid a léiríonn ciorcad iomlánaithe le sciath agus téacs Eur 49 milliún chun borradh a chur faoin nuálaíocht i gcórais chibearshlándála agus phríobháideachais

D’fhógair an Coimisiún inniu go ngeallfaidh sé beagnach EUR 41 mhilliún, trí Fhís 2020, clár taighde agus nuálaíochta an Aontais, chun tacú le 9 dtionscadal atá dírithe ar oibriú ar réitigh nuálacha cibearshlándála agus phríobháideachais.

Díreoidh cúig cinn de na tionscadail nua sin ar chibearshlándáil agus ar réitigh phríobháideachais do shaoránaigh agus do ghnólachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna). Oibreoidh na ceithre thionscadal eile chun feabhas a chur ar chórais slándála ríthábhachtacha, amhail bonneagair cúraim sláinte agus córais iompair ilmhódaigh. Ina theannta sin, maoineofar 21 tionscadal tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), tríd an gclár Eorpach um líonraí agus bonneagair, lena gcumhdaítear an earnáil dhigiteach freisin. Le EUR 7.6 milliún san iomlán, neartóidh na tionscadail dheireanacha sin acmhainneacht chibearshlándála an Aontais le bheith ullmhaithe níos fearr agus le dul i ngleic le cibearbhagairtí agus teagmhais ar bhealach níos éifeachtúla. Méadóidh trí ospidéal sa Chróit agus sa Laitvia, mar shampla, a n-ullmhacht trí fheabhsuithe teicniúla agus eagraíochtúla a chur chun feidhme, agus bunófar Ionad um Chomhroinnt agus Anailísiú Faisnéise (ISAC) d’earnáil eitlíochta na hIodáile. Tá an tacaíocht do na tionscadail nua mar chuid de thiomantas an Aontais cultúr agus cumais láidre cibearshlándála a fhorbairt chun cur in aghaidh cibearbhagairtí agus cibearionsaithe a bheidh ann amach anseo agus chun freagairt dóibh. Tá tuilleadh eolais faoi ghníomhaíochtaí an Aontais chun acmhainneachtaí cibearshlándála a neartú, líonraí 5G san áireamh, ar fáil sa rannán Q &A seo. Tá faisnéis faoi thionscadail chibearshlándála arna maoiniú ag an Aontas ar fáil anseo, agus le haghaidh deiseanna nua maoiniúcháin féach Fís 2020 atá ann faoi láthair agus glaonna SCE atá ar na bacáin maidir le Slándáil, Slándáil Dhigiteach, Intleacht Shaorga agus Cosaint Bonneagair.

Tuilleadh sonraí faoi thionscadail Fís 2020 agus faoi thionscadail SCE.