Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Deich mBliana Digiteacha na hEorpa: An bealach á leagan amach ag an gCoimisiún i dtreo Eoraip atá cumhachtaithe go digiteach faoi 2030

Chuir an Coimisiún fís, spriocanna agus bealaí i láthair le déanaí chun claochlú digiteach rathúil a dhéanamh ar an Eoraip faoi 2030. Tá sé sin ríthábhachtach freisin chun an t-aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach, ciorclach agus athléimneach a bhaint amach. Is é uaillmhian an Aontais a bheith ceannasach go digiteach i ndomhan oscailte idirnasctha, agus beartais dhigiteacha a shaothrú lena gcuirtear ar chumas daoine agus gnólachtaí todhchaí dhigiteach atá dírithe ar dhaoine, inbhuanaithe agus níos rathúla a ghabháil. Áirítear leis sin aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus ar spleáchais chomh maith le dlús a chur leis an infheistíocht.

Leanann Teachtaireacht an lae inniu an iarraidh ón Uachtarán von der Leyen Deich mBliana Digiteacha’ na hEorpa a dhéanamh sna blianta atá romhainn; ag freagairt d’iarraidh na Comhairle Eorpaí ar ‘Chompás Digiteach’; agus cuireann sé le straitéis dhigiteach an Choimisiúin i mí Feabhra 2020. 

Preaseisiúint iomlán

Deich mBliana Digiteacha na hEorpa — Ceisteanna agus Freagraí

Íoslódálacha

Communication 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade (.pdf)
Íoslódáil