Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
News article | Foilseachán

Roghnaíodh ocht moladh le bheith ar na chéad mhoil san Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha

D’fhógair an Coimisiún na hocht mol roghnaithe, gach ceann acu ag clúdach Ballstát amháin nó níos mó a bheidh mar chuid de líonra mol na Faireachlainne Eorpaí um na Meáin Dhigiteacha (EDMO) chun cur leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ar fud na hEorpa.

Tá maoiniú á chur ar fáil ag an Aontas — le breis agus 11 mhilliún Euro — ocht mol a chuideoidh le EDMO a chur chun feidhme agus a leathnú. Is é is aidhm dóibh gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm chun cur le cumas EDMO dul i ngleic le feachtais bhréagaisnéise dhíobhálacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, agus anailís a dhéanamh ar a dtionchar ar an tsochaí agus ar an daonlathas.

Cuideoidh gach mol le pobal ildisciplíneach a chruthú trí thaighdeoirí acadúla, seiceálaithe fíricí, cleachtóirí meán agus geallsealbhóirí ábhartha eile a tharraingt le chéile chun líonra a chruthú a bheidh in ann:

  • Feachtais bhréagaisnéise a bhrath agus a anailísiú, chomh maith le hinneachar a tháirgeadh chun tacú leis na meáin phríomhshrutha agus áitiúla agus leis na húdaráis phoiblí feachtais bhréagaisnéise dhíobhálacha a nochtadh;
  • Gníomhaíochtaí litearthachta sna meáin a eagrú ar an leibhéal náisiúnta nó ilnáisiúnta;
  • Tacaíocht a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta chun faireachán a dhéanamh ar bheartais na n-ardán ar líne agus ar éiceachóras na meán digiteach.

Maoinítear EDMO agus a mhoil réigiúnacha tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Tá siad neamhspleách ar aon údarás poiblí náisiúnta nó ar aon údarás poiblí de chuid an Aontais.

Cumhdaíonn na moil roghnaithe Éire, an Bheilg, an tSeicia, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, an Ísiltír, an Pholainn, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, chomh maith leis an Iorua, in LEE. Ba cheart go mbeadh siad ag feidhmiú faoi dheireadh shamhradh 2021.

Síneoidh na hocht mol roghnaithe na comhaontuithe deontais leis an Aontas sna míonna amach romhainn.

 An Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha

 

Tá an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha (EDMO), atá ag feidhmiú an 1 Meitheamh 2020, ina mol do sheiceálaithe fíricí, do thaighdeoirí acadúla agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis san Eoraip. Spreagann sé agus tacaíonn sé freisin le comhoibriú le heagraíochtaí meán, le saineolaithe ar litearthacht sna meáin, agus cuireann sé tacaíocht ar fáil do lucht déanta beartas.

Tá EDMO, mar chuid dá chéad chéim de ghníomhaíochtaí, ag obair chun leas a bhaint as modhanna teicniúla agus bonneagar chun comhoibriú agus malartú eolais idir taighdeoirí agus seiceálaithe fíricí san Eoraip a éascú, agus comhghníomhaíochtaí a chomhordú ar leibhéal an Aontais.

Cuirfear tús leis an dara céim nuair a bhunófar na chéad mhoil EDMO a fógraíodh díreach. Is é an aidhm atá ann cumhdach iomlán an Aontais agus an LEE a bhaint amach faoi dheireadh.