Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

An tionsclaíocht a dhigitiú

Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú le gnólachtaí ar fud na hEorpa dul in oiriúint don saol digiteach trí thionscnaimh a chomhordú, infheistíochtaí a dhíriú, agus scileanna a threisiú.

Tá réabhlóid thionsclaíoch nua á spreagadh ag teicneolaíochtaí digiteacha. De réir mar a théann tionscail isteach sa domhan digiteach, tá méadú ag teacht ar na deiseanna fáis agus fostaíochta.

Is mian leis an gCoimisiún Eorpach a chinntiú gur féidir le gnólachtaí an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna sin. Mar sin féin, ní mór dó cabhrú le gnólachtaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as an aistriú chuig an domhan digiteach. Áirítear ar na dúshláin sin méadú ar an iomaíocht dhomhanda, athrú ar na scileanna is gá sa lucht saothair, agus difríochtaí i luas an digitithe ar fud earnálacha, ghnólachtaí agus réigiúin na hEorpa.

Shainaithin an Coimisiún ceithre shnáithe ar cheart díriú orthu chun leas iomlán a bhaint as an réabhlóid thionsclaíoch nua seo:

  1. nuálaíochtaí digiteacha do chách: Moil Nuálaíochta Digití
  2. ceannaireacht a neartú trí chomhpháirtíochtaí agus ardáin thionsclaíocha
  3. creat rialála don ré dhigiteach
  4. Eorpaigh a ullmhú don todhchaí dhigiteach

Ní hamháin go dtacaíonn plean an Choimisiúin don tionsclaíocht le gnólachtaí ach déanann sé an saol níos fearr do dhaoine agus don chomhshaol. Tá sé ag tacú le tionscadail a chuireann ar chumas shaoránaigh an Aontais úsáid fuinnimh a rialú trí fhearais chliste, agus a fhorbraíonn gluaisteáin fhéintiomána nasctha.

Ábhar Gaolmhar

An Pictiúr Mór

Tacaíonn an tAontas le gnólachtaí ar fud na hEorpa dul in oiriúint don saol digiteach trí thionscnaimh a chomhordú, infheistíochtaí a dhíriú agus scileanna a threisiú.