Skip to main content
Shaping Europe’s digital future

Earnáil dhigiteach ghlas

Tá aistriú digiteach na hEorpa fite fuaite leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

    Bolgán éadrom ar chúlra gorm le planda atá ag fás amach as

© image by Eva Almqvist - Getty Images/iStock

Le linn na Deacáide Digití, tá dhá dhúshlán thábhachtacha roimh an Eoraip: an t-aistriú glas agus an t- aistriú digiteach

D’fhéadfadh sé gur dhá shaincheist ar leith iad sin, ach is fíordhúshlán iad — ní éireoidh leo gan a chéile — agus tá siad araon chomh tábhachtach céanna do thodhchaí na hEorpa. 

Trí chúrsaí digiteacha a thabhairt isteach inár saol, cabhraítear linn ár lorg carbóin a laghdú. Is féidir linn páirt a ghlacadh i bhfíschomhdhálacha seachas taisteal chuig cruinnithe, faireachán a dhéanamh ar an méid fuinnimh atá á thomhailt ag ár dtithe, agus fiú borradh a chur faoin inbhuanaitheacht san fheirmeoireacht.  

Mar sin féin, ní mór dúinn a chinntiú nach n-ídíonn teicneolaíochtaí digiteacha níos mó fuinnimh ná mar a shábhálann siad. Faoi láthair, is ionann teicneolaíochtaí digiteacha agus idir 8-10 % dár dtomhaltas fuinnimh, agus 2-4 % dár n-astaíochtaí gás ceaptha teasa — céatadáin bheaga ach líon mór. 

Is féidir linn roinnt athruithe a dhéanamh ar ár saol digiteach chun ár dtionchar comhshaoil sa réimse seo a laghdú. Mar shampla, dá gcuirfí síneadh bliana le saolré gach fón cliste, shábhálfaí 2.1 Mt CO2 in aghaidh na bliana faoi 2030, cothrom le 1 mhilliún carr a bhaint ónár mbóithre. Is féidir le haistriú ó líonraí 4G go 5G tomhaltas fuinnimh a laghdú suas le 90 %.

Tá taighde á dhéanamh ag an Aontas ar na deiseanna sin agus ar a lán eile. Tabharfaimid na dlíthe atá ann cheana cothrom le dáta agus tabharfaimid isteach bearta nua chun ár spriocanna glasa agus digiteacha a bhaint amach do na deich mbliana amach romhainn. Beart amháin den sórt sin is ea a áirithiú go mbeidh lárionaid sonraí aeráidneodrach, tíosach ar fhuinneamh agus inbhuanaithe faoi 2030 ar a dhéanaí.  

Tá an tAontas ag féachaint freisin ar bhearta deonacha agus ceangailteacha chun cabhrú leis an earnáil phríobháideach a bheith aeráidneodrach agus níos mó acmhainní in-athnuaite a úsáid. Samplaí de sin is ea an Chomhghuaillíocht Ghlas Dhigiteach Eorpach, agus na tionscnaimh éagsúla chun an earnáil Chlosamhairc a Ghlasú.

Plean Tionsclaíochta an Chomhaontaithe Ghlais

Mhol an Coimisiún Eorpach Plean Tionsclaíoch don Chomhaontú Glas chun tacú lena sprioc aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 agus iomaíochas thionscal glan-nialasach na hEorpa a fheabhsú ag an am céanna.

Príomhcholún den phlean is ea a áirithiú go mbeidh rochtain ag an Aontas ar theicneolaíocht, ar tháirgí agus ar réitigh atá ríthábhachtach chun aistriú chuig glan-nialas. Áirítear orthu sin cealla fótavoltacha, tuirbíní gaoithe, cadhnraí, leictrealóirí hidrigine, gabháil carbóin, trealamh stórála agus go leor eile. Is foinse mhór fáis eacnamaíoch agus post ardcháilíochta san Eoraip iad na táirgí agus na réitigh sin freisin.

Chun é sin a bhaint amach, leagtar amach ann próiseas chun dlús a chur le hinfheistíocht agus maoiniú le haghaidh táirgeadh teicneolaíochta glaine san Eoraip, rud a chuirfeadh an tAontas ar thús cadhnaíochta i réabhlóid na teicneolaíochta glaine. Chomh maith le breathnú ar smaointe nua amhail solúbthacht shealadach sna rialacha maidir le státchabhair, moltar sa phlean féachaint ar an gcaoi ar féidir cistí atá ann cheana agus maoiniú coiteann ar leibhéal an Aontais a úsáid chun nuálaíocht, monaraíocht agus úsáid na teicneolaíochta glaine a mhaoiniú.

An Nuacht is Déanaí

PRESS RELEASE |
Plean straitéiseach an chláir Fís Eorpach 2025-2027 le haghaidh taighde agus nuálaíochta chun taca a chur faoin aistear chuig todhchaí ghlas dhigiteach athléimneach

Níos luaithe an tseachtain seo, ghlac an Coimisiún an dara plean straitéiseach le haghaidh Fís Eorpach. Leagtar amach sa phlean, a fógraíodh ag na Laethanta Taighde agus Nuálaíochta suaitheanta, trí threoshuíomh straitéiseach le haghaidh chistiú taighde agus nuálaíochta an Aontais do na trí bliana dheireanacha den chlár (2025-2027).

PRESS RELEASE |
Sár-ríomhaire Eorpach nua den chéad scoth curtha ar bun sa Spáinn

Inniu, cuireadh tús le MareNostrum 5, an sár-ríomhaire Eorpach is déanaí den chéad scoth in Barcelona na Spáinne. Tá sé rangaithe faoi láthair mar cheann de na 10 sár-ríomhaire is cumhachtaí ar domhan, tá sé á óstáil in Ionad Sár-ríomhaireachta Barcelona agus beidh sé ar fáil do réimse leathan úsáideoirí eolaíochta agus tionscail Eorpacha ó mhí an Mhárta 2024.

Ábhar Gaolmhar

Léargas níos doimhne

Tírdhreach closamhairc na hEorpa a ghlasú

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir le hiarrachtaí comhoibríocha chun earnáil chlosamhairc na hEorpa a dhéanamh níos glaise agus í a ailíniú le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Féach ar an suíomh seo

Ceann scríbe an Domhain

Destination Earth (destine), tionscnamh suaitheanta de chuid an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh...