Bunaíodh an tArdán Eorpach Il-gheallsealbhóirí maidir le caighdeánú TFC tar éis cinneadh ón gCoimisiún Eorpach comhairle a thabhairt maidir le hábhair a bhaineann le beartais um chaighdeánú TFC a chur chun feidhme (.pdf). Déileálann sé leis na nithe seo a leanas:
- riachtanais chaighdeánaithe TFC a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo chun tacú le reachtaíocht, beartais agus soláthar poiblí Eorpach;
- sonraíochtaí teicniúla le haghaidh soláthairtí poiblí, arna bhforbairt ag eagraíochtaí domhanda a fhorbraíonn caighdeáin TFC;
- comhar idir eagraíochtaí a shocraíonn caighdeáin TFC;
- an plean rollach, lena dtugtar forléargas ilbhliantúil ar na riachtanais le haghaidh réamhghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí comhlántacha um chaighdeánú TFC chun tacú le gníomhaíochtaí beartais an Aontais.
Tá an tArdán Il- gheallsealbhóirí comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis náisiúnta ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha CSTE, comhlachtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta um chaighdeánú TFC, agus eagraíochtaí geallsealbhóirí a dhéanann ionadaíocht ar lucht tionscail, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus ar thomhaltóirí.
Tá Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin Eorpaigh um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide agus Connect ina gcomhchathaoirligh air agus tagann siad le chéile ceithre huaire sa bhliain.
An Nuacht is Déanaí
Ábhar Gaolmhar
An Pictiúr Mór
Cinntíonn sonraíochtaí TFC gur féidir le táirgí nascadh le chéile agus idirghníomhú lena chéile, borradh a chur faoin nuálaíocht, agus margaí TFC a choinneáil oscailte agus iomaíoch.
Féach freisin
D’fhorbair an Coimisiún Eorpach cur chuige solúbtha maidir le caighdeánú agus sonraíochtaí teicniúla nua TFC á sainaithint aige.
Tugann plean rollach an Aontais forléargas ar réamhghníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí comhlántacha caighdeánaithe TFC a dhéantar chun tacú le gníomhaíochtaí beartais an Aontais.