Le tacaíocht EUR 150 milliún tosaigh ón gClár don Eoraip Dhigiteach go dtí lár-2024, is é an sprioc atá ann samhail dhigiteach an-chruinn den Domhan a fhorbairt.
Cuideoidh sé le faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíocht nádúrtha agus dhaonna, í a shamhaltú agus í a thuar, agus cásanna a fhorbairt agus a thástáil le haghaidh forbairt níos inbhuanaithe. Soláthrófar faisnéis ardcháilíochta, seirbhísí digiteacha, samhlacha, cásanna, réamhaisnéisí agus léirshamhlú ar dtús d’úsáideoirí na hearnála poiblí agus ansin, de réir a chéile, do phobail eolaíochta, don earnáil phríobháideach, agus don phobal i gcoitinne.