Agus comóradh á dhéanamh ar chloch mhíle cúig bliana Líonra BCO, tabharfar aghaidh ag Comhdháil Bhliantúil 2021 ar fhorbairtí tábhachtacha beartais agus maoinithe de chuid an Aontais, chomh maith lena bhfuil bainte amach agus spriocanna BCOnna. Áireofar ar an gclár oibre Todhchaí Dhigiteach Tuaithe, spriocanna Gigighiotáin agus an Compás Digiteach, Cistí Struchtúracha an Aontais agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Státchabhair agus teicneolaíocht atá ag teacht chun cinn, agus SCE2 Digiteach. Roinnfear an clár oibre deiridh go díreach leis na rannpháirtithe. Tá an t-imeacht ar líne seo ar oscailt do gach ball de Líonra na nOifigí Eorpacha um Inniúlachtaí Leathanbhanda.