Tacóidh an Mheitheal Ad Hoc ENISA maidir le margadh cibearshlándála an Aontais le ENISA anailís a dhéanamh ar threochtaí agus ar dheighleoga an mhargaidh, ag díriú ar réitigh chibearshlándála chun freastal ar riachtanais mhargaidh na ngeallsealbhóirí.
Cé go ndíreofar ar mhargadh cibearshlándála an Aontais, féadfar an margadh domhanda cibearshlándála a chur san áireamh freisin, mar shampla agus aghaidh á tabhairt ar spleáchas (ar) an Aontais nó ar cheanglais ar ghníomhaithe margaidh lasmuigh den Mhargadh Aonair Digiteach.
Ar an iomlán, tá sé d’aidhm ag an obair a forbraíodh tríd an nGrúpa Oibre Ardleibhéil seo “dálaí d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a fheabhsú” agus “tionscal agus margadh cibearshlándála láidir Eorpach a chothú¨, mar a fhoráiltear i nGníomhaíocht 7 de Dhoiciméad Clársceidealaithe Aonair ENISA 2021-2023, i gcomhréir le hAirteagal 8.7 den Ghníomh um Chibearshlándáil chun measúnú réamhghníomhach a dhéanamh ar threochtaí margaidh laistigh den Eoraip.
Téarmaí tagartha
Íoslódáil na Téarmaí Tagartha ón leathanach tiomnaithe — an Mheitheal Ad-Hoc um Margadh Cibearshlándála an Aontais
Iarratais
Iarrtar ar dhaoine aonair ar spéis leo é a n-iarratas a chur faoi bhráid ENISA tríd an bhfoirm iarratais thiomnaithe.
Ní mór na hiarratais arna gcomhlánú go cuí a bheith curtha isteach faoi 12.00 EET (am na hAithine) an 3 Bealtaine 2021.