Léirítear sa “Treoirphlean Eorpach um Chlaochlú Digiteach na Sláinte agus an Chúraim don tSochaí atá ag Aosú” an fhís choiteann atá ag lucht ceaptha beartas na hEorpa, ag an tsochaí shibhialta, ag eagraíochtaí gairmiúla agus ag an tionsclaíocht maidir leis an gcaoi ar féidir leis an nuálaíocht soláthar sláinte agus cúraim a athrú ó bhonn inár sochaí atá ag dul in aois. Mar fhís chomhroinnte beartais, treoraíonn an Treoirphlean iarrachtaí na nGrúpaí Gníomhaíochta agus na Suíomhanna Tagartha de chuid na Comhpháirtíochta Eorpaí um Nuáil maidir le hAosú Gníomhach agus Folláin.