Chun críche na comparáide sin, shainaithin DHS agus DG CONNECT sé phríomhréimse le haghaidh anailís chomparáideach idir Tuarascáil DHS agus Treoir NIS 2: (i) sainmhínithe agus tairseacha tuairiscithe, (ii) amlínte, truicir agus cineálacha tuairiscithe cibeartheagmhas, (iii) inneachar na dtuarascálacha ar chibeartheagmhais, (iv) sásraí tuairiscithe, (v) comhiomlánú sonraí teagmhas, agus (vi) nochtadh poiblí faisnéise cibeartheagmhas. I ngach ceann de na sé réimse den anailís chomparáideach tá comparáid scéimreach idir na creataí a chloíonn leis na téacsanna iarbhír, agus conclúidí ginearálta maidir le cosúlachtaí agus difríochtaí ina dhiaidh sin.
Comparative Assessment of the DHS Harmonization of Cyber Incident Reporting to the Federal Government Report and the Rules on Incident Reporting in the NIS 2 Directive