Is í Mí Chibearshlándála na hEorpa (ECSM) feachtas feasachta cibearshlándála bliantúil an Aontais a bhíonn ar siúl gach mí Dheireadh Fómhair ar fud na hEorpa. Is é an aidhm atá ann feasacht a mhúscailt maidir le bagairtí cibearshlándála agus an cibearshláinteachas a chur chun cinn i measc saoránach agus eagraíochtaí trí oideachas agus comhroinnt dea-chleachtas.
Tacaíonn an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin Vestager go gníomhach leis an bhfeachtas chun úsáid níos sábháilte an idirlín d’úsáideoirí deiridh agus cleachtas an chibearshláinteachais bhunúsaigh san Aontas a chur chun cinn.
I mbliana, tá dhá phríomhábhar ag baint leis an bhfeachtas: Cibearchabhair gharchabhrach agus Bí cibearshláine ón mbaile.