Leis an gClár Beartais maidir leis an Deacáid Dhigiteach, bunaítear creat le haghaidh tionscadail ilnáisiúnta (MCPanna), i.e. tionscadail mhórscála lena n-éascaítear na cuspóirí ginearálta agus na spriocanna digiteacha a bhaint amach.
Is féidir MCPanna a chur chun feidhme ar bhealaí éagsúla amhail Gnóthais Chomhpháirteacha, Cuibhreannais don Bhonneagar Taighde Eorpach (ERICanna), gníomhaireachtaí an Aontais, go neamhspleách ag na Ballstáit lena mbaineann, trí Thionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna) a chur i gcrích nó trí shásraí cur chun feidhme iomchuí eile.
Chomh maith leis sin, tugtar isteach leis an gClár Beartais maidir le Deacáid Dhigiteach na Cuibhreannais don Bhonneagar Digiteach Eorpach (EDICanna) mar mhodh nua chun bunú MCPanna a éascú.