Ó seoladh í in 2013, is príomhionstraim chistiúcháin í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) a thacaíonn le gréasáin thras-Eorpacha ardfheidhmíochta, inbhuanaithe agus idirnasctha go héifeachtúil a fhorbairt i réimsí an iompair, an fhuinnimh agus na teileachumarsáide.
I réimse na teileachumarsáide, tacaítear le forbairt agus feidhmiú rianúil an Mhargaidh Aonair Dhigitigh trí sheirbhísí digiteacha tras-Eorpacha a chur ar fáil do shaoránaigh, do ghnólachtaí agus/nó do rialtais, agus trí thacú le seirbhísí poiblí digiteacha trasteorann.
Thairis sin, ó bhí 2018 ann, tacaíonn an tionscnamh WiFi4EU le bardais Eorpacha ar mian leo nascacht Wi-Fi saor in aisce a thairiscint i spásanna poiblí.