Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Digibyte | Foilseachán

Tá na Ballstáit go léir tiomanta anois do bhonneagar cumarsáide candamaí de chuid an Aontais a thógáil

Is í Éire an 27ú Ballstát de chuid an Aontais a shínigh Dearbhú EuroQCI. Ciallaíonn sé sin go bhfuil sé sínithe ag gach ceann de 27 mBallstát an Aontais.

Visual showing all countries who have signed the EuroQCI declaration -- all Member States are highlighted

Tá na Ballstáit uile tiomanta anois do bhonneagar cumarsáide candamaí de chuid an Aontais a thógáil

Tá Dearbhú EuroQCI sínithe ag Éirinn anois. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gealltanas tugtha ag gach ceann de 27 mBallstát an Aontais oibriú i gcomhar leis an gCoimisiún Eorpach agus le Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (GSE) chun EuroQCI a thógáil — bonneagar cumarsáide candamaí slán a chuimseoidh an tAontas ar fad. Beidh EuroQCI mar chuid den chóras nascachta slán spásbhunaithe atá á bheartú ag an gCoimisiún faoi láthair.

Tá líonraí cumarsáide ardfheidhmíochta slána ríthábhachtach do ghnólachtaí, d’institiúidí oideachais agus do rialtais na hEorpa, ionas go mbeidh siad in ann feidhmiú go rianúil gach lá, agus faisnéis a roinnt agus dul in oiriúint go tapa le linn géarchéime. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún, dá bhrí sin, córas nascachta slán atá bunaithe ar shatailítí a sheoladh lena gcuirfear leathanbhanda ardluais ar fáil ar fud na hEorpa chun seirbhísí nascachta atá iontaofa, slán agus éifeachtach ó thaobh costais de a chur ar fáil. Áireofar ann EuroQCI, bonneagar cumarsáide candamaí lena gcosnófar cumarsáid íogair agus sonraí íogaire an Aontais agus lena gcosnófar bonneagair chriticiúla.

Déanfaidh EuroQCI cripteagrafaíocht chandamach agus córais nuálacha agus slána atá bunaithe ar chandamach a chomhtháthú i ngnáthbhonneagair chumarsáide, rud a chomhlánóidh iad le sraith bhreise slándála bunaithe ar fhisic chandamach. Mar shampla, trí sheirbhísí a sholáthar atá bunaithe ar dháileadh eochairchandamach, cineál criptiúcháin an-slán. Cosnóidh sé sin tarchur sonraí idir institiúidí rialtais, bardais agus ambasáidí na hEorpa, chomh maith le suíomhanna tábhachtacha amhail ospidéil agus greillí fuinnimh.

Is éard a bheidh in EuroQCI deighleog talún, ina nascann líonraí cumarsáide snáithíní suíomhanna straitéiseacha ar an leibhéal náisiúnta agus trasteorann, agus deighleog spáis atá bunaithe ar shatailítí, agus ina nascfar líonraí cumarsáide candamaí náisiúnta ar fud an Aontais agus ar fud an domhain. Seoladh Dearbhú EuroQCI i mí an Mheithimh 2019, agus ó shin i leith tháinig na Ballstáit rannpháirteacha i gcomhar leis an gCoimisiún agus GSE le chéile go rialta chun cur chun feidhme an tionscnaimh a phleanáil. Is é is aidhm dó a bheith ag feidhmiú go hiomlán faoi 2027.

Na chéad chéimeanna eile le haghaidh EuroQCI

In 2021 agus 2022, tacóidh an clár don Eoraip Dhigiteach agus gníomhaíochtaí na Saoráide um Chónascadh na hEorpa le líonraí cumarsáide candamaí náisiúnta agus trasteorann a fhorbairt, le gléasanna agus córais Eorpacha a fhorbairt, agus le bonneagar tástála agus deimhniúcháin chun ullmhú d’úsáid teicneolaíochtaí nua in EuroQCI. Idir an dá linn, tá forbairt agus imlonnú deighleog spáis an tionscnaimh á plé ag an gCoimisiún, ag na Ballstáit rannpháirteacha agus ag GSE.

 

Íoslódálacha

Signature of Irish Minister Of State Ossian Smyth
Íoslódáil