Tá sé d’aidhm ag na Comhghuaillíochtaí don Nuálaíocht borradh a chur faoi sholáthar scileanna nua agus aghaidh a thabhairt ar mhí-oiriúint scileanna trí churaclaim nua a dhearadh agus a chruthú don ardoideachas agus don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (VET), ag tacú le meon tionscnaíochta agus meon fiontraíochta a fhorbairt san Aontas.
Leis na comhpháirtíochtaí sin, cuirfear chun feidhme sraith chomhleanúnach agus chuimsitheach de ghníomhaíochtaí earnála nó trasearnála, ar cheart iad a bheith inoiriúnaithe d’fhorbairtí eolais amach anseo ar fud an Aontais.
Chun borradh a chur faoin nuálaíocht, díreofar ar scileanna digiteacha toisc go bhfuil siad ag éirí níos tábhachtaí i ngach próifíl poist ar fud an mhargaidh saothair ar fad. Chomh maith leis sin, ní mór athruithe ar cháilíochtaí agus ar churaclaim náisiúnta oideachais agus oiliúna a bheith mar bhonn taca leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus níos glaise chun freastal ar riachtanais ghairmiúla atá ag teacht chun cinn maidir le scileanna glasa agus forbairt inbhuanaithe.
Ní mór do comhghuaillíochtaí an t-éiceachóras tionsclaíoch aonair a dtabharfar aghaidh air lena dtionscadal a roghnú dá dtogra, ar ceann acu an t-éiceachóras Sláinte.
Bheadh seisiún faisnéise ar siúl an 8 Meitheamh 2021. Cláraigh anseo.
Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.