Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Rochtain ar shár-ríomhairí an Aontais oscailte ag an gCoimisiún chun dlús a chur le forbairt na hintleachta saorga

Inniu, gheall an Coimisiún agus an Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach (Comhghnóthas EuroHPC) rochtain oscailte agus leathnaithe ar acmhainní sár-ríomhaireachta an Aontais Eorpaigh do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha, FBManna agus an pobal intleachta saorga i gcoitinne mar chuid de Thionscnamh an Aontais Eorpaigh um Ghnólachtaí Nuathionscanta IS.

iStock photo Getty images plus

Chun tacú le samhlacha intleachta saorga a fhorbairt tuilleadh agus inscálaitheacht a dhéanamh orthu, tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ar shár-ríomhairí den chéad scoth lena gcuirtear dlús le hoiliúint agus tástáil IS, rud a laghdóidh an t-am oiliúna ó mhíonna nó blianta go dtí ábhar seachtainí.

Rinneadh an ráiteas i gcomhthéacs an cheathrú Comhthionól de Chomhghuaillíocht na hintleachta saorga i Maidrid agus tar éis don Uachtarán von der Leyen fógra a thabhairt ina haitheasc ar Staid an Aontais in 2023. Oibreoidh gníomhaitheEorpacha intleachta saorga agus ríomhaireachta ardfheidhmíochta (HPC) i ndlúthchomhar le chéile chun nuálaíocht cheannródaíoch a spreagadh agus chun feabhas a chur ar iomaíochas éiceachóras tionsclaíoch IS na hEorpa. Cuirfidh sé sin dlús le forbairt na hintleachta saorga agus fágfaidh sé go mbeidh an tAontas Eorpach ina cheannaire iomaíoch domhanda.

Preaseisiúint iomlán

Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta an Choimisiúin Eorpaigh

An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach

Cur Chuige Eorpach i leith na hIntleachta Saorga

An Chomhghuaillíocht Eorpach um an Intleacht Shaorga