Tá iarratas ar fhaisnéis seolta go foirmiúil ag an gCoimisiún Eorpach chuig Meta faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha (DSA). Tá an Coimisiún ag iarraidh ar Meta tuilleadh faisnéise a chur ar fáil faoi na bearta atá déanta aige chun na hoibleagáidí a bhaineann le measúnuithe riosca agus bearta maolaithe a chomhlíonadh chun sláine na dtoghchán a chosaint agus tar éis na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta a rinne Hamas ar fud Iosrael, go háirithe maidir le scaipeadh agus méadú ábhair neamhdhleathaigh agus bréagaisnéise.