Is díol sásaimh don Choimisiún gur ghlac Parlaimint na hEorpa an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Ionstraim um Margaí Digiteacha, a mhol an Coimisiún i mí na Nollag 2020. Beidh feidhm ag na rialacha nua sin ar fud an Aontais agus cruthófar spás digiteach níos sábháilte agus níos oscailte, a bheidh bunaithe ar chearta bunúsacha.