Skip to main content
Shaping Europe’s digital future
Press release | Foilseachán

Tháinig an Danmhairg isteach sa Tionscnamh 1+ Milliún Genomes

Shínigh an Danmhairg an dearbhú comhair arb é is aidhm dó sonraí maidir le sláinte ghéanómaíoch a nascadh ar fud an Aontais agus rochtain a fháil ar 1 mhilliún géineama seicheamhaithe ar a laghad faoi 2022. Ó seoladh in 2018 é, tá an Coimisiún ag tacú leis an tionscnamh “1+ Milliún Genomes”, tionscnamh ina bhfuil 24 thír a shínigh an dearbhú páirteach cheana féin.

lógó an tionscnaimh

 

Chuir Margrethe Vestager, Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, fáilte roimh an Danmhairg isteach sa chlár:

Tá gach síniú tábhachtach don tionscnamh seo arb é is aidhm dó cosc galar a fheabhsú, diagnóis agus cóireálacha níos pearsantaithe a cheadú agus scála leordhóthanach a chur ar fáil do thaighde nua a mbeidh tionchar cliniciúil aige. Le chéile, táimid ag déanamh dul chun cinn nua maidir le modhanna agus uirlisí a fhorbairt a fhreastalóidh ar fholláine mhuintir na hEorpa. 

DúirtThierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:

Ag an am seo de dhúshláin sláinte poiblí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo, tá sé feicthe againn a thábhachtaí atá sé ár gcomhar a chur chun cinn i réimse an leighis. Is sampla den scoth é an tionscnamh 1+ Milliún Genomes chun rochtain níos fearr ar shonraí sláinte a chinntiú. Trí chomhar feabhsaithe ar fud an Aontais, leanfaidh sé de bheith ag feabhsú ár dtuiscintí eolaíocha agus ag forbairt cóireálacha agus diagnóisic nuálacha ar mhaithe leis na saoránaigh uile.

Ag freagairt do na riachtanais atá ag teacht chun cinn, tá galair thógálacha san áireamh sa tionscnamh le déanaí i measc a chásanna úsáide agus déanfaidh sé na sonraí géanómaíocha a ghiaráil chun ár n-eolas ar shoghabháltacht an duine i leith riochtaí tromchúiseacha a bhaineann le galar COVID-19 a dhoimhniú.

 

Féach freisin Treochlár 1+MG 2020-2022 (.pdf)

 

léarscáil de na tíortha sínithe