Inniu, ag an Lá Digiteach ar líne 2021, shínigh na hAirí a dhéanann ionadaíocht ar Bhallstáit an Aontais trí Dhearbhú chun iarrachtaí agus acmhainní a chomhthiomsú chun nascacht idirnáisiúnta a chur chun cinn, chun feidhmiú céimneach teicneolaíochtaí digiteacha glana a dhreasú agus chun feabhas a chur ar an timpeallacht rialála do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá i mbun fáis. Cuideoidh na gealltanais inláimhsithe sin le dlús a chur le claochlú glas agus digiteach na hEorpa agus rannchuideoidh siad le fís agus spriocanna Dheich mBliana Digiteacha na hEorpa.