Tá an cleachtadh mar chuid de na bearta atá á gcur chun feidhme ag an Aontas Eorpach chun saorthoghcháin chóra a áirithiú i mí an Mheithimh 2024. Tharla sé i bParlaimint na hEorpa agus d’eagraigh seirbhísí Pharlaimint na hEorpa, an Coimisiún Eorpach agus Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA) í. Leis an druil sin, bhí na rannpháirtithe in ann taithí agus dea-chleachtais a mhalartú agus cuideoidh sé leo feabhas a chur ar a gcumas freagairt do theagmhais chibearshlándála chomh maith le rannchuidiú le nuashonrú na dtreoirlínte agus na ndea-chleachtas atá ann cheana maidir le cibearshlándáil na teicneolaíochta a úsáidtear sa phróiseas toghcháin.