Seo mar a labhair Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach:
Lenár Straitéis Sonraí, táimid ag sainiú cur chuige Eorpach chun leas a bhaint as na buntáistí a bhaineann le sonraí. Tá an treoir nua ríthábhachtach chun an líon ollmhór agus luachmhar acmhainní a tháirgeann comhlachtaí poiblí a chur ar fáil lena n-athúsáid. Acmhainní a d’íoc an cáiníocóir cheana féin. Dá bhrí sin, is féidir leis an tsochaí agus leis an ngeilleagar tairbhe a bhaint as níos mó trédhearcachta san earnáil phoiblí agus as táirgí nuálacha.
Seo mar a labhair Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach:
Cuirfidh na rialacha sin maidir le sonraí oscailte agus athúsáid faisnéise ón earnáil phoiblí ar ár gcumas na bacainní a shárú a chuireann cosc ar athúsáid iomlán sonraí ón earnáil phoiblí, go háirithe do FBManna. Meastar go dtiocfaidh méadú faoi cheathair ar luach eacnamaíoch díreach iomlán na sonraí sin ó EUR 52 bhilliún in 2018 do Bhallstáit an Aontais agus don Ríocht Aontaithe go EUR 194 bhilliún in 2030. Rachaidh deiseanna gnó méadaithe chun tairbhe shaoránaigh uile an Aontais a bhuí le seirbhísí nua.
Déanann an earnáil phoiblí sonraí a tháirgeadh, a bhailiú agus a scaipeadh ina lán réimsí, mar shampla sonraí geografacha, dlíthiúla, meitéareolaíocha, polaitiúla agus oideachais. Áirithítear leis na rialacha nua, a glacadh i mí an Mheithimh 2019, go mbeidh níos mó den fhaisnéis sin ón earnáil phoiblí ar fáil go héasca lena hathúsáid, rud a chruthóidh luach don gheilleagar agus don tsochaí. Eascraíonn siad as athbhreithniú ar an Treoir a bhí ann roimhe seo maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (an Treoir maidir le Faisnéis ón Earnáil Phoiblí). Leis na rialacha nua, tabharfar an creat reachtach cothrom le dáta leis an dul chun cinn a rinneadh le déanaí maidir le teicneolaíochtaí digiteacha agus spreagfar an nuálaíocht dhigiteach a thuilleadh.