
Aithnítear i nDámhachtainí Eorpacha um Nascacht Dhigiteach 2026 tionscadail den scoth a rannchuidíonn le cuspóirí nascachta na hEorpa don Deacáid Dhigiteach a bhaint amach. Tá fáilte roimh thionscadail de gach méid - idir thionscadail tuaithe, uirbeacha, phríobháideacha, phoiblí, áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta, trasteorann nó idirnáisiúnta. Cuireadh síneadh leis an spriocdháta agus is féidir iarratais a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair.








