Is í 2021 Bliain Eorpach an Iarnróid — cuireann tionscnamh an Choimisiúin Eorpaigh béim ar na tairbhí a bhaineann le hiompar d’iarnród mar mhodh iompair inbhuanaithe, cliste agus sábháilte chun tacú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach i réimse an iompair. Is príomhcheanglas í an chibearshlándáil chun a chur ar chumas na n-iarnród paraidím dhigiteach nasctha a imscaradh agus leas iomlán a bhaint aisti.
Tá ENISA, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, agus ERA, Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile chun Comhdháil fhíorúil maidir leis an gCibearshlándáil Iarnróid a eagrú. Tiocfaidh saineolaithe le chéile ag an gcomhdháil chun na forbairtí agus na dúshláin chibearshlándála is déanaí atá os comhair na hearnála a phlé. Is é an aidhm atá ann an t-idirphlé a chothú i measc eagraíochtaí iarnróid, lucht déanta beartas, lucht tionscail, taighdeoirí, agus eagraíochtaí caighdeánaithe agus deimhniúcháin.
Tá an chomhdháil roinnte i gceithre sheisiún, áit a mbeidh painéalaithe agus freastalaithe in ann ábhair éagsúla a phlé:
- Forbairtí beartais
- Caighdeáin agus deimhniú don earnáil iarnróid
- Torthaí ón taighde agus ón nuálaíocht
- Bealaí chun faisnéis a roinnt agus conas comhoibriú i dtreo earnáil iarnróid níos cibearshláine san Aontas.