Cuireann an Sainghrúpa um an Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach agus Europeana (DCHE) fóram ar fáil le haghaidh comhar idir comhlachtaí na mBallstát agus an Coimisiún Eorpach i réimse an digitithe agus na rochtana ar ábhar cultúrtha agus ar chaomhnú digiteach, agus tugann sé treoir maidir le cláir oibre bhliantúla Europeana faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE). Cuireann an Grúpa comhairle ar fáil freisin maidir le saincheisteanna beartais sonracha i gcás ina bhfuil comhairle den sórt sin tábhachtach chun beartais nó reachtaíocht an Aontais a fhorbairt (Cinneadh ón gCoimisiún an 7/3/2017 lena mbunaítear an Sainghrúpa um Oidhreacht Chultúrtha Dhigiteach agus Europeana).
Tháinig deireadh leis an sainordú an 30 Meitheamh 2021. D’fhonn cúraimí nua a léiriú, tháinig Sainghrúpa an Choimisiúin maidir leis an Spás Sonraí Eorpach don Oidhreacht Chultúrtha i gcomharbacht ar an ngrúpa sin.
Miontuairiscí an Chruinnithe
Tá Miontuairiscí Chruinniú an 5 Bealtaine 2021 ar fáil anois in pdf.
Cláir oibre agus cuir i láthair
An t-eolas is déanaí ón gCoimisiún maidir le tionscnaimh bheartais, chomhordúcháin agus mhaoinithe
An t-eolas is déanaí ó na Ballstáit agus UNESCO
- Nuashonrú ón Uachtaránacht reatha ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí an Choimisiúin)
- Pleananna Uachtaránacht nua Chomhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaí SI) (níl cur i láthair ar fáil)