Beidh sé d’aidhm ag an togra rathúil teacht chun cinn insintí
maidir leis an gcogadh san Úcráin a shainaithint agus anailís a dhéanamh orthu, an méadú atá ag teacht ar insintí bréagacha, díobhálacha a
bhaineann le féiniúlacht inscne agus léiriú inscne (an bhréagaisnéis inscne-bhunaithe) a
fheictear go minic i gcomhthéacs óráid idirdhealaitheach nó urchóideach i gcoinne na mban, na
homafóibe agus an idirdhealaithe i gcoinne an phobail LGBTQ+, agus scrúdú a dhéanamh ar bhealaí
chun na rioscaí a bhaineann le comhtháthú sochaíoch, daonlathas agus
cearta bunúsacha an duine a mhaolú.
Ar deireadh, leis an togra rathúil scrúdófar insintí míthreoracha agus
bréagaisnéis maidir le toghcháin, agus béim ar leith á leagan ar thoghcháin Eorpacha 2024,
i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith acu ar thuairimí an phobail, ar iompar vótálaithe agus ar
phróisis dhaonlathacha.
Féach ar an leathanach seo go rialta, ós rud é go n-úsáidfimid é chun Ceisteanna Coitianta a fhoilsiú, nó, más gá, aguisín a ghabhann le doiciméid an ghlao (e.g. síneadh a chur le spriocdháta an ghlao, nó eile).