Cuireann an scéim Eorpach um dheimhniú i ndáil le cibearshlándáil atá bunaithe ar chritéir chomhchoiteanna (EUCC) leis an gComhaontú um Aitheantas Frithpháirteach (“MRA”) maidir le Deimhnithe Slándála Theicneolaíocht na Faisnéise de chuid Ghrúpa na nOifigeach Sinsearach um Shlándáil Córas Faisnéise (“SOG-IS”) agus úsáid á baint as na Comhchritéir, lena n-áirítear nósanna imeachta agus doiciméid an ghrúpa.
Beidh ról tábhachtach ag an nGrúpa Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála i gcothabháil na scéime. Ba cheart é a dhéanamh, inter alia, trí chomhar leis an earnáil phríobháideach, trí fhoghrúpaí speisialaithe a chruthú agus trí obair ullmhúcháin agus cúnamh ábhartha arna iarraidh ag an gCoimisiún.
Tuilleadh eolais faoi chreat deimhniúcháin cibearshlándála an Aontais