
© European Commission
Cuirtear i láthair sa tuarascáil na torthaí nithiúla ar fud na bpríomhréimsí a chumhdaítear leis an gclár amhail an tsár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, ardscileanna digiteacha. Leagtar béim ann freisin ar an gcaoi ar thug sé an teicneolaíocht dhigiteach níos gaire do ghnólachtaí, do shaoránaigh agus do riaracháin phoiblí, trí oiliúint i scileanna digiteacha.
Deimhnítear sa tuarascáil príomhról an chláir i gcur chun feidhme beartas digiteach, chomh maith lena thábhacht straitéiseach agus a chumas freagairt do dhúshláin agus do dhinimic atá ag teacht chun cinn san earnáil dhigiteach atá ag dul i méid.
Léirítear torthaí an athbhreithnithe i ndearadh an Chiste Eorpaigh um Iomaíochas atá beartaithe don chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile.
Léigh tuilleadh faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Is féidir leat an tuarascáil iomlán agus an doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi a íoslódáil thíos.