
Is é is aidhm don Idirphlé Digiteach idir an tAontas agus an Bhrasaíl leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun claochlú digiteach cuimsitheach, fás inbhuanaithe agus nuálaíocht a chur chun cinn. Is bunchloch é an tIdirphlé Digiteach den chomhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus an Bhrasaíl a bunaíodh in 2007, lena gcothaítear comhar níos doimhne ar fud raon leathan saincheisteanna polaitiúla, eacnamaíocha agus sóisialta.
Tráth an 13ú hIdirphlé Digiteach, rinne an tAontas agus an Bhrasaíl measúnú ar an dul chun cinn a rinneadh i bpríomhréimsí comhair a sainaithníodh mar thosaíochtaí ag Idirphlé 2024. Áirítear orthu sin rialáil na hintleachta saorga, sábháilteacht ar líne, nascacht dhigiteach lena n-áirítear 5G agus 6G, seirbhísí poiblí digiteacha, agus an geilleagar sonraí.
Ina theannta sin, d’fhormheas an dá chomhpháirtí comhphlean oibre a threoróidh a gcomhoibriú sa dá bhliain amach romhainn. Bhí Renate Nikolay, Leas-Ardstiúrthóir na Líonraí Cumarsáide, an Ábhair Dhigitigh agus na Teicneolaíochta sa Choimisiún Eorpach, agus an tAmbasadóir Laudemar Goçalves de Aguiar Neto, Rúnaí Chur Chun Cinn na Trádála, Eolaíochta, Teicneolaíochta, Nuálaíochta agus Cultúir na Brasaíle, ina gcomhchathaoirligh ar an Idirphlé Digiteach.
D’eisigh an tAontas Eorpach agus an Bhrasaíl ráiteas comhpháirteach.
Tá tuilleadh eolais faoin gcaidreamh idirnáisiúnta sa réimse digiteach le fáil anseo.