Is céim thábhachtach é an seisiún tionscnaimh seo, a bheidh ar siúl sa Bhruiséil, i dtiomantas an Aontais creat láidir a mhúnlú do rialachas IS.
Tá an Bord um an Intleacht Shaorga comhdhéanta d’ionadaithe ardleibhéil ón gCoimisiún agus ó Bhallstáit uile an Aontais, agus tá plé á dhéanamh aige ar conas feabhas a chur ar fhorbairt agus ar ghlacadh na hintleachta saorga san Aontas agus ar na chéad chéimeanna eile i gcur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga. Tá an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) agus ionadaithe LEE/CSTE ón Iorua, ó Lichtinstéin agus ón Íoslainn rannpháirteach mar bhreathnóirí. Is í Oifig an Aontais Eorpaigh um Intleacht Shaorga a chuireann an Rúnaíocht ar fáil don Bhord um Intleacht Shaorga.
Díreofar go príomha sa chruinniú ar na príomhréimsí seo a leanas: eagrú an Bhoird um Intleacht Shaorga a bhunú agus a rialacha nós imeachta a ghlacadh; nuashonrú agus plé straitéiseach ar bheartas IS an Aontais, lena n-áirítear tionscnamh GenAI4EU agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta IS; nuashonrú ar an dul chun cinn agus plé ar na chéad spriocanna insoláthartha de chuid an Choimisiúin a bhaineann le cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga; agus malartú dea-chleachtas le haghaidh cuir chuige náisiúnta maidir le rialachas IS agus cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.
Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an creat rialachais intleachta saorga ar bun go láidir agus go tráthúil, rud a éascóidh rannpháirtíocht éifeachtach na mBallstát agus cur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.
Tagann an cruinniú seo sna sála ar sheisiún ullmhúcháin a d’óstáil an Coimisiún an 19 Meitheamh, inar leagadh síos an bhunobair riachtanach do chur chun feidhme an Ghnímh um an Intleacht Shaorga.
Faigh tuilleadh eolais faoin mBord um an Intleacht Shaorga agus faoin nGníomh um an Intleacht Shaorga.