![photo of a woman holding a smartphone with the conference announcement displayed on it](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/FDRG_DkXIAklbHY_mT6AI3D0oz9fnceoDVh7jWs2aOk_82633.jpg?itok=U1CBkQOv)
European News Media Forum
Seo mar a labhair an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Thrédhearcacht, Věra Jourová:
Trí bheith ag obair le chéile thar theorainneacha, tá na meáin níos láidre. Chonaiceamar torthaí dochreidte na n-imscrúduithe trasteorann, amhail páipéir Pandora le déanaí. Tá an Coimisiún ag cur lena thacaíocht don chineál seo comhair, leis an Seomra Nuachta Eorpach inniu agus le sraith comhpháirtíochtaí nua iriseoireachta faoi dheireadh na bliana.
Ghlac an Leas-Uachtarán Jourová páirt sa seisiún deiridh - Léigh a hóráid iomlán.
Dúirt Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach, a d’oscail an fóram ar maidin:
Tá spás faisnéise na hEorpa á eagrú againn agus tá rochtain na saoránach ar fhaisnéis ar ardchaighdeán á mhéadú againn. Tabharfaidh an chéad seomra nuachta uile-Eorpach — a fhógraímid inniu — deis d’iriseoirí tuairisciú go comhpháirteach ar ghnóthaí an Aontais agus spiorad an chomhair a chur chun cinn ar ais sa bhaile. An bhliain seo chugainn, cuirfimid Gníomh um Shaoirse na Meán i láthair chun borradh a chur faoi iolrachas na meán agus chun athléimneacht na hearnála ina hiomláine a fheabhsú.
Tionóladh an chéad eagrán d’Fhóram Eorpach na Meán Nuachta i mí an Mhárta 2021. Chuidigh sí leis an gcéad mholadh riamh ón gCoimisiún do na Ballstáit maidir le sábháilteacht iriseoirí a ullmhú.
Thug an dara heagrán seo páirtithe leasmhara ó earnáil na meán nuachta le chéile chun sruthanna ioncaim, samhlacha gnó, rannpháirtíocht pobail, éagsúlacht, cóineasú na meán, formáidí agus comhpháirtíochtaí nua a phlé.
Tá an Fóram mar chuid d’iarracht níos leithne chun tacú le téarnamh agus claochlú earnálacha na meán agus an chlosamhairc, mar a fógraíodh sa Phlean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc. Áirítear leis sin maoiniú méadaithe ón Aontas do thionscadail meán, amhail an Seomra Nuachta Eorpach a fógraíodh inniu, tar éis glao oscailte ar thograí ar fiú EUR 1.76 milliún é. Cruthóidh an tionscnamh seo mol do chomhfhreagraithe nuachta chun oibriú le chéile ar ghnóthaí an Aontais. Tosóidhan tionscadal ag feidhmiú i mí Eanáir. Tá faisnéis faoin méid sin agus faoi ghlaonna eile a bhaineann le hearnáil na meán ar fáil freisin.