![Commission designates Booking as a gatekeeper and opens a market investigation into X](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/GettyImages1069554654__ipopba__iStock_Getty_Images_Plus_iwnKslE2VJyrHK7v4PoFsRftU_157614.jpg?itok=SSgwQw3u)
© ipopba - iStock Getty Images Plus
Tagann na cinntí sna sála ar phróiseas athbhreithnithe a rinne an Coimisiún tar éis dó fógraí a fháil ó na trí chuideachta maidir lena stádas féideartha mar gheatóirí an 1 Márta 2024.
Ar bhonn fhéinmheasúnú Booking a cuireadh isteach an 1 Márta 2024 go gcomhlíonann sé na tairseacha ábhartha, tá sé suite ag an gCoimisiún gur tairseach thábhachtach idir gnólachtaí agus tomhaltóirí í an chroísheirbhís ardáin sin.
Ag an am céanna, d’oscail an Coimisiún imscrúdú margaidh chun measúnú breise a dhéanamh ar an bhfrisnéis a cuireadh isteach an 1 Márta 2024 i ndáil leis an tseirbhís líonraithe shóisialta ar líne X. Áitíonn an fhrisnéis sin, in ainneoin na tairseacha a chomhlíonadh, nach gcáilíonn X mar thairseach thábhachtach idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Ba cheart an t-imscrúdú a chríochnú laistigh de chúig mhí.