Infheisteoidh an Coimisiún breis agus €65 mhilliún san intleacht shaorga. Den mhéid sin, tiomnófar €50 milliún do thionscadail chun bealaí nua a fhorbairt chun sonraí a chomhcheangal agus chun cumais mhóra samhla intleachta saorga a leathnú. Leis na hiarrachtaí sin, cuirfear feabhas ar infheidhmeacht na hintleachta saorga ar fud réimsí nua agus tacófar le sármhaitheas taighde na hEorpa sa réimse sin. Infheisteofar €15 mhilliún eile chun córais intleachta saorga atá láidir agus trédhearcach a fhorbairt. Beidh sé d’aidhm ag na tionscadail feabhas a chur ar iontaofacht na gcóras intleachta saorga agus léargas fóinteach a thabhairt ar a bpróisis chinnteoireachta. Cuideoidh na hinfheistíochtaí thuas le teicneolaíocht IS a fhorbairt a bheidh i gcomhréir leis an nGníomh um an Intleacht Shaorga agus leis an gcur chuige Eorpach daonlárnach i leith na hintleachta saorga.
Ina theannta sin, infheisteofar €40 milliún chun borradh a chur faoin taighde artheicneolaíochtaí candamacha ceannródaíocha, as a n-infheisteofar €25 mhilliún chun líonra uile-Eorpach de mheá-mhéadair chandamach (braiteoirí tromlaigh) a chruthú. Soláthróidh an líonra tomhais domhantarraingthe ardchruinneas, atá tábhachtach d'earnálacha éagsúla cosúil le breathnóireacht na Cruinne agus innealtóireacht shibhialta. Infheisteofar €15 mhilliún eile i dtionscadail thrasnáisiúnta taighde agus forbartha i réimse theicneolaíochtaí candamacha na chéad ghlúine eile. Is é is aidhm don chomhar sin a áirithiú go bhfanfaidh an tAontas ar thús cadhnaíochta i rás domhanda na teicneolaíochta candamaí.
Ina theannta sin, tabharfar €7.5 milliún eile do thionscadail a thacóidh le luachanna Eorpacha agus a chuirfidh daoine i gcroílár an chlaochlaithe dhigitigh, chomh maith le tionchar an Aontais ar chaighdeánú domhanda TFC a mhéadú.