
Ar dtús, díreoidh an t-athbhreithniú ar shainordú ENISA, ar chibearghníomhaireacht an Aontais, ar an gCreat Eorpach um Dheimhniú Cibearshlándála, agus ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála sa slabhra soláthair TFC. Is deis é freisin chun rialacha cibearshlándála a shimpliú tuilleadh. Trí oibleagáidí tuairiscithe a chuíchóiriú, is mian leis an gCoimisiún cur chun feidhme a éascú, rómhaorlathas a laghdú, agus timpeallacht atá fabhrach do ghnó a chothú.
Iarrtar ar pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear údaráis inniúla na mBallstát, údaráis chibearshlándála, comhlachais tionscail agus trádála, taighdeoirí agus lucht acadúil, eagraíochtaí tomhaltóirí, agus saoránaigh a dtuairimí a thabhairt ar an tairseach Cloisimis uait agus ar Shuirbhé an Aontais go dtí an 20 Meitheamh.
Léigh tuilleadh faoi Ghníomh an Aontais um Chibearshlándáil.