![Commission opens formal proceedings against X under the Digital Services Act](/sites/default/files/styles/large/public/newsroom/items/DSA_BnHUH9pZe3BB5qcrx4aZDKi1Dw_144559.jpg?itok=vFGaI4Ok)
Ar bhonn an réamh-imscrúdaithe a rinneadh go dtí seo, lena n-áirítear ar bhonn anailís ar an tuarascáil measúnaithe riosca a chuir X isteach i mí Mheán Fómhair, ar thuarascáil trédhearcachta X a foilsíodh an 3 Samhain, agus ar fhreagraí X ar iarraidh fhoirmiúil ar fhaisnéis, lena mbaineann, i measc nithe eile, ábhar neamhdhleathach a scaipeadh i gcomhthéacs ionsaithe sceimhlitheoireachta Hamas i gcoinne Iosrael, chinn an Coimisiún tús a chur le himeachtaí foirmiúla um shárú i gcoinne X faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha.